Lá 9 Novena na Marbh

Share:

Listens: 0

Paidir Irish Prayer

Arts


Nóibhéine do na hAnamacha Beannaithe i bPurgadóir  Paidreacha dár slánaítheoir a d’fhuiling ar ár son do na hanamachi bochta i bPurgadóir. O  A Íosa beannaithe, fríd an allas fuilteach a d’fhulaing tú i nGairdín Gethsemane, déan trocaire ar na hanamacha beannaithe seo. F  Déan trocaire orthu, a Thiarna.O  A Íosa beannaithe, fríd na pianta a d’fhulaing tú le linn na sciúirseála cruálaí, déan trocaire orthu.F  Déan trocaire orthu, a Thiarna.O  A Íosa beannaithe, fríd na pianta a d’fhulaing tú nuair a cuireadh ort go pianmhar coróin na spíne, déan trocaire orthu.F  Déan trocaire orthu, a Thiarna.O  A Íosa beannaithe, fríd na pianta a d’fhulaing tú agus tú ag iompar na croise go Calvery, déan trocaire orthu.F  Déan trocaire orthu, a Thiarna.O  A Íosa beannaithe, fríd na pianta a d’fhulaing tú fríd an chéasadh ar chros, déan trocaire orthu.F  Déan trocaire orthu, a Thiarna.O  A Íosa beannaithe, fríd na pianta a d’fhulaing tú agus tú ag saothrú an bháis ar an chros. déan trocaire orthu.F  Déan trocaire orthu, a Thiarna.O  A Íosa beannaithe, fríd na pianta uafásach a d’fhulaing tú agus tú ag cur uait d’anam beannaithe, déan trocaire orthu.F  Déan trocaire orthu, a Thiarna.  (Cuirfidh muid ar gcuid smaointeacha speisealta fhéin, chuig Dia anseo anois)______________________________________Anamacha beannaithe,ghuigh mé ar bhur son, impím oraibh, atá mór le Dia, agus nach gcaillfí é go deo, guí ormsa an peacach bocht, Amein.PaidirA Dhia, óir is tú an maitheas gan teorainn, Is grá liom thú os cionn gach ní eile, déanaim aithrí ó mo chroí istigh ar aon chion i d’éadan. Tabhair domh grásta na buaine. Bíodh trua agat domh, agus, ag an am chéanna, do na hanamacha beannaithe sa Phurgadóid. Agus a Mhuire, máthair Dé, tabhair cabhair dóibh fríd d’idirghuí cumhachtach. Uan Dé, a thógann peacaigh an Domhain, déan trocaire orainn.Uan Dé, a thógann peacaigh an Domhain. Tabhair síocháin dúinnA Thiarna, caomhnaigh i measc an chreidimh a thug Naomh Pádraig dúinn;Tabhair aontú i measc na n-easpag as na sagart;Méadaigh an díograis i measc lucht an chreidimh agus tabhair gach duine go hiompú;Tabhair sólás do cháchata ag fulaingt;Beannaigh agus caomhnaigh Eaglais na hÉireann agus treoraigh gach duine go dtí na flaithis. Amein.