Beo ón bPicnic Aibhléiseach 2013!
Share:

Listens: 10

About

Bhí Stáisiún Raidió na Bliana Raidió na Life, atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an aer, ag craoladh trí chlár speisialta ón bPicnic Aibhléiseach sa tSráidbhaile i gCo. Laoise, agus féile na Picnice Aibhléisigh ag ceiliúradh an deichiú breithlá acu féin! Bhí an stáisiún raidió pobail ó Bhaile Átha Cliath ag craoladh ón Phuball Gaeilge i gceantar Mindfield na féile, le cláracha lán go béil le ceoltóirí, ealaíontóirí agus tuairiscí ó rudaí éagsúla a bhí ag titim amach ag an bhféile. Bhí Raidió na Life ag tarraingt aird ar an éagsúlacht agus ar an tallann ar leith a bhí le feiceáil sa Phuball Gaeilge agus chuir Muiris Ó Fiannachta, Ruth Ní Ghormáin agus Rob Vipond scoth an Phubaill i láthair ar Raidió na Life thar an deireadh seachtaine.